Sunday 19 November 2017

Lón an Lae

Féachaigí ar na lónta áille thíos. Nach blasta iad?



Lón an-shláintiúil ó Naíonáin Bheaga le brocailí, fraocháin ghorma, sútha talún, humus agus ceapaire donn. Go hálainn!


Lón eile ó Naíonáin Bheaga - ceapaire donn le horáiste agus mange-tout. Blasta agus sláintiúil!


Bíonn lónta áille i Naíonáin Mhóra chomh maith - piobar, mange-tout, caora finiúna, iógart agus ceapaire donn. Maith thú!


Rang a 1 anois...caora finiúna, cúcamar, ceapaire agus iógart. Go haoibhinn!


Dha lón álainn i Rang a 3 ó na cailíní sláintiúla seo - mealbhacán uisce, piobar, banana agus ceapaire. An-bhlasta ar fad!



Ar ais go dtí Naíonáin Bheaga sláintiúil arís- oráiste, trátaí, piobar, ológa agus ceapaire donn. Maith thú!



Tá Rang a 4 slaintiúil chomh maith - cairéidí, caora finiúna, iógart, pasta agus fillteán. Ar fheabhas!



No comments:

Post a Comment