A Naíonáin Bheaga go Rang 2
Ná déanaigí dearmad ar an gcairt bhaile do 'Gaiscígh an Bhia' a thabhairt isteach chun do theastas a fháil. Má tá sé caillte agat, déan do cheann féin. Ní gá ach taifead a dhéanamh de na torthaí agus glasraí a itheann tú sa bhaile ar feadh 16 lá a dhéanamh. Is fearr déanach ná go brách!
Seo cairt Eoghain ó Naíonáin Bheaga. Nach iontach é?
Tuesday 14 February 2017
Dé Máirt 14/2/17
Lón álainn te ar lá fuar! Anraith glasraí, banana, mála piobair, cleimintín, bataí aráin agus ceapaire donn.
Dé Luain 13/2/17
Nach galánta agus blasta an lón seo ó Naíonáin Bheaga? Sushi le havocado, banana, brioscóg agus iógart...neam, neam.
Dé hAoine 10/2/17
Nach blasta an lón seo ó Rang a 6? Ceapaire le meascán torthaí - banana, cleimintín agus caora finiúna.
Déardaoin 9/2/17
Lón an-bhlasta i Naíonáin Bheaga inniu - ceapaire cáise donn, fraocháin ghorma, cleimintín agus bataí cairéide...neam, neam.
Tuesday 7 February 2017
Dé Máirt 7/2/17
Nach blasta an lón seo ó Rang 5? Rolla le sicín agus leitís, banana, cairéid, cúcamar, úll, piobar buí agus dearg.
Monday 6 February 2017
Dé Luain 6/2/17
Féach ar an dá lón álainn seo ó Rang 4 - fillteog dhonn, banana, oráiste, sú talún agus
pasta, caora finiúna, pluma agus banana. Maith sibh!
Sunday 5 February 2017
Thursday 2 February 2017
Cinnlínte na Sláinte
Nuacht Mhór ó Rang a 2...
D'ól Rang a 2 26 bhainne inniu!
Nach iad a bheidh láidir?
D'ól Rang a 2 26 bhainne inniu!
Nach iad a bheidh láidir?
Dé Céadaoin 1/2/17
Nach álainn blasta an lón seo ó Rang a 2 inniu - pasta donn le trátaí, cairéid, cúcamar, anann agus rísíní.
Subscribe to:
Posts (Atom)