Sunday 19 November 2017

Lón an Lae

Féachaigí ar na lónta áille thíos. Nach blasta iad?



Lón an-shláintiúil ó Naíonáin Bheaga le brocailí, fraocháin ghorma, sútha talún, humus agus ceapaire donn. Go hálainn!


Lón eile ó Naíonáin Bheaga - ceapaire donn le horáiste agus mange-tout. Blasta agus sláintiúil!


Bíonn lónta áille i Naíonáin Mhóra chomh maith - piobar, mange-tout, caora finiúna, iógart agus ceapaire donn. Maith thú!


Rang a 1 anois...caora finiúna, cúcamar, ceapaire agus iógart. Go haoibhinn!


Dha lón álainn i Rang a 3 ó na cailíní sláintiúla seo - mealbhacán uisce, piobar, banana agus ceapaire. An-bhlasta ar fad!



Ar ais go dtí Naíonáin Bheaga sláintiúil arís- oráiste, trátaí, piobar, ológa agus ceapaire donn. Maith thú!



Tá Rang a 4 slaintiúil chomh maith - cairéidí, caora finiúna, iógart, pasta agus fillteán. Ar fheabhas!



Tuesday 14 March 2017

Rang 3

Féach ar na glasraí áille sa bhosca lóin seo!

Naíonáin Bheaga

Nach blasta an dá lón álainn seo.


Tuesday 14 February 2017

Gaiscígh an Bhia

A Naíonáin Bheaga go Rang 2

Ná déanaigí dearmad ar an gcairt bhaile do 'Gaiscígh an Bhia' a thabhairt isteach chun do theastas a fháil. Má tá sé caillte agat, déan do cheann féin. Ní gá ach taifead a dhéanamh de na torthaí agus glasraí a itheann tú sa bhaile ar feadh 16 lá a dhéanamh. Is fearr déanach ná go brách!

Seo cairt Eoghain ó Naíonáin Bheaga.  Nach iontach é?


Dé Máirt 14/2/17

Lón álainn te ar lá fuar! Anraith glasraí, banana, mála piobair, cleimintín, bataí aráin agus ceapaire donn.

Dé Luain 13/2/17

Nach galánta agus blasta an lón seo ó Naíonáin Bheaga? Sushi le havocado, banana, brioscóg agus iógart...neam, neam.

Dé hAoine 10/2/17

Nach blasta an lón seo ó Rang a 6? Ceapaire le meascán torthaí - banana, cleimintín agus caora finiúna.

Déardaoin 9/2/17

Lón an-bhlasta i Naíonáin Bheaga inniu - ceapaire cáise donn, fraocháin ghorma, cleimintín agus bataí cairéide...neam, neam.

Dé Céadaoin 8/2/17


Lón álainn ó Rang 6 - cúcamar, banana, úll, cairéid le humus agus brioscóga. Maith thú! 




Tuesday 7 February 2017

Dé Máirt 7/2/17

Nach blasta an lón seo ó Rang 5? Rolla le sicín agus leitís, banana, cairéid, cúcamar, úll, piobar buí agus dearg.

Monday 6 February 2017

Dé Luain 6/2/17


Féach ar an dá lón álainn seo ó Rang 4 - fillteog dhonn, banana, oráiste, sú talún agus 
pasta, caora finiúna, pluma agus banana. Maith sibh!



Sunday 5 February 2017

Déardaoin 2/2/17

Féachann an lón seo blasta - ceapaire, sútha talún agus bata cáise.

Thursday 2 February 2017

Cinnlínte na Sláinte

Nuacht Mhór ó Rang a 2...
D'ól Rang a 2 26 bhainne inniu!
Nach iad a bheidh láidir?

Dé Céadaoin 1/2/17

Nach álainn blasta an lón seo ó Rang a 2 inniu - pasta donn le trátaí, cairéid, cúcamar, anann agus rísíní.

Tuesday 31 January 2017

Dé Máirt 31/1/17

Seo dhá lón álainn ó Rang 1 inniu - ceapairí donna, ceann le liamhás Parma agus ceann eile le cáis, liamhás agus leitís, úll, oráiste agus iógart.

Friday 27 January 2017

27/01/17

Dhá lón álainn ó Naíonáin Mhóra - pasta le pónairí agus sailéad, ceapaire donn, mealbhacán, pluma, piorra agus úll.




Cuirimid fáilte roimh 'Ghaiscígh an Bhia'


Dé hAoine 27/01/17


Lón álainn anseo ó Rang 3 - ceapaire, úll, mealbhacán uisce agus flapóg.